Rugadh Francesc Català i Serra san áit seo. B’óglach de chuid Estat Català é le linn Eachtraí Prats de Molló (1926), agus cailleadh é ar deoraíocht sa Bheilg.


 Rugadh Francesc Català i Serra san áit seo.

B’óglach de chuid Estat Català é le linn Eachtraí Prats de Molló (1926), agus cailleadh é ar deoraíocht sa Bheilg.

I gcuimhne agus in ómós dó

    Ripoll, 1901 – An Bhruiséil, 1927

***

Sa bhliain 1922, chuaigh Francesc Català i Serra isteach in EstatCatalà, páirtí polaitíochta atá céad bliain ar an bhfód anois, páirtí poblachtánach den eite chlé a sheas ar son an neamhspleáchais agus an éirí amach, a bhunaigh Francesc Macià an bhliain chéanna. Is é an páirtí is sine de chuid na Catalóine atá ag feidhmiú fós.

            I mí Mheán Fómhair 1926 liostáil sé mar óglach in Arm na Catalóine (l’Exèrcit Català) a d’eagraigh Estat Català, le linn gnímh ar a dtugtar els Fets de Prats de Molló (Eachtraí Prats de Molló), is é sin le rá éirí amach armtha a raibh sé mar aidhm aige dhá ionradh a dhéanamh ar an gCatalóin ón gCatalóin Thuaidh, a thiocfadh le chéile ag Olot, áit a d’fhógrófaí Poblacht na Catalóine. É sin déanta, bhí súil le tacaíocht ó chontaetha agus ó bhailte eile na tíre agus stailc ghinearálta a ghairm i gcathracha na Catalóine.  Bhí an fear seo as Ripoll i measc an céad is a dódhéag duine a shínigh an mionn chun tabhairt faoin ngníomh.

            Ar an 4ú lá de mhí na Samhna, shocraigh póilíní na Fraince na hóglaigh a bhí ag Vil·la Denisei bPrats de Molló a ghabháil. Tharla Català a bheith ar an gcéad dream d’óglaigh ar gabhadh le haistriú go Perpinyà. Cuireadh triail orthu agus saoradh iad an 29ú lá de mhí na Samhna, le hordú díbeartha as tír na Fraince ina gcoinne. Bhí sé ar na hóglaigh a fuair dídean sa Bheilg, ach in earrach 1927 tógadh isteach san ospidéal sa Bhruiséil é, áit ar cailleadh é an 28ú lá de mhí an Mheithimh.

            Cuireadh é i reilig Anderlecht. Rinneadh gníomh polaitiúil den sochraid le mórshiúil trí lár na Bruiséile. Bhí Francesc Macià (a bhí ina thaoiseach ar Rialtas na Catalóine ina dhiaidh sin) i dtús áite i measc na sochraideach.

Associació Casa Macià